Read full scraped judgment text (19,826 chars)
AN ARD-CHÚIRT [2026] IEHC 204 Uimhir Thaifid. 2024/1344 AB Idir DIARMAID Ó CADHLA Iarratasóir agus AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT AGUS COMHIONANNAIS, AN tSEIRBHÍS CHÚIRTEANNA agus AN STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ Freagróirí Breithiúnas ón mBreitheamh Conor Dignam arna thabhairt an 2ú Aibreán 2026 1. Is é seo mo bhreithiúnas ar dhá iarratas atá déanta ag an iarratasóir san athbhreithniú breithiúnach seo. Thug mé breithiúnas roimhe seo ar iarratas eile sna himeachtaí seo (Ó Cadhla v An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, An tSeirbhís Chúirteanna agus An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí [2025] IEHC 376). Thug mé achoimre ar chúlra na n-imeachtaí sa bhreithiúnas sin. Dúirt mé: “Seo thíos achoimre ar chúlra an Iarratais um Chead chun athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh. Tá an t-iarratasóir os comhair na Cúirte Dúiche i gCathair Chorcaí mar gheall ar chúig thoghairm choiriúil a bhaineann le sáruithe líomhainte ar Rialacháin Covid i 2021. Níl ábhar na gcúiseamh seo tábhachtach ó thaobh an iarratais seo de. Cainteoir dúchais Gaeilge is ea an t-iarratasóir agus teastaíonn uaidh an Ghaeilge a úsáid sna cásanna seo. Deir sé gur scríobh sé chuig an gCúirt Dúiche agus gur labhair sé sa Chúirt arís is arís agus é ag iarraidh a chuid cásanna a dhéanamh trí Ghaeilge. Maíonn an t-iarratasóir go mbíodh sé isteach is amach ón gCúirt Dúiche beagnach gach mí mar gheall ar na cásanna seo ach nár réitíodh iad go fóill toisc nach raibh seirbhís ateangaireachta ar fáil seachas uair amháin. Luann sé gur minic nach raibh a dhóthain Ghaeilge ag na Breithiúna Cúirte Dúiche a bhíodh ag deileáil lena chás (cé go bhfuil beirt bhreithiúna le Gaeilge leordhóthanach ag Cúirt Dúiche Chorcaí). Deir sé freisin toisc nach raibh ateangaire ann, nárbh fhéidir leis, an t-iarratasóir, a chearta teanga a fheidhmiú. Dá bharr sin, 1 maíonn sé go bhfuil moill mhíréasúnta curtha leis na himeachtaí agus gur sárú ar a chuid cearta teanga é seo. Dearbhaíonn sé gur sárú é ar a cheart chun triail a bheith aige laistigh d’achar ama réasúnta faoi Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine chomh maith. Tá iarrtha aige go dtabharfaí cóipeanna den chomhad cúirte dó toisc go gcreideann sé go mbeidh ábhar na gcomhad úsáideach sa chás, agus níor tugadh an comhad sin dó riamh.” 2. Is iad an dá iarratas lena mbaineann an breithiúnas seo ná: (i) cead chun Éire agus an tArd Aighne a chur mar fhreagróirí sna himeachtaí; (ii) cead faoisimh a lorg i ndáil le Treoir 2012/13 AE ar fhorais atá leagtha amach i nDréacht-Ráiteas ar Fhoras leasaithe. 3. Is gá an t-iarratas chun Éire agus an t-Ard Aighne a chur mar fhreagróirí sna himeachtaí a mheas ar bhonn na n-imeachtaí mar atá siad faoi láthair agus ar bhonn na n-imeachtaí mar a bheidh siad má thugaim cead don iarratasóir na faoisimh maidir leis an Treoir a lorg ar na forais atá leagtha amach aige (sa Dréacht-Ráiteas ar Fhoras). 4. Táim sásta nach ceart cead a thabhairt Éire agus an t-Ard Aighne a chur leis na himeachtaí mar atá siad faoi láthair. Eascraíonn an t-athbhreithniú breithiúnach seo as na hionchúisimh choiriúla i gcoinne an iarratasóra agus tá siad dírithe ar na hionchúisimh choiriúla sin. Tá nádúr an cháis sin leagtha amach sa sliocht ó mo bhreithiúnas eile ag alt 1 thuas. 5. Níl Éire ná an tArd-Aighne páirteach sna himeachtaí coiriúla sin agus dá bhrí sin ní féidir aon fhaoiseamh a bhaineann leis na himeachtaí sin a dheonú i gcoinne na bpáirtithe sin. 6. Ar ndóigh, tá cearta teanga i gcroílár an athbhreithnithe bhreithiúnaigh seo. Is ar an mbonn sin a mhaíonn an t-iarratasóir gur chóir d’Éire agus an t-Ard Aighne a bheith mar pháirtithe sna himeachtaí seo. Ní héileamh neamhspleách é an t-éileamh maidir le cearta teanga, áfach. Mar a phléadh thuas, is é an cás atá á dhéanamh ag an iarratasóir ná gur sáraíodh a chearta le linn na n-imeachtaí coiriúla agus go raibh na sáruithe sin ina gcúis le moill mhí-réasúnta sna himeachtaí sin. Is ceisteanna iad sin atá le plé ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, mar legimitus contradictor sna himeachtaí coiriúla, ag an tSeirbhís Chúirteanna. Má tá faoiseamh le deonú, deonófar é i gcoinne ceann amháin de na páirtithe sin nó i gcoinne iad araon. Mar a dúirt mé ag alt 16 de mo bhreithiúnas eile: “Tá sé ríshoiléir go mbaineann na faoisimh agus na forais leis na himeachtaí cúirte .i. stiúradh na n-imeachtaí, agus breitheamh le Gaeilge a bheith ann chun déileáil leis an gcás agus na seirbhísí aistriúcháin a bheith ar fáil. Níor thaispeáin an t- iarratasóir aon chúis ina léirítear go bhfuil an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais 2 freagrach go dlíthiúil as na forais seo. Níl ról ar bith aige, agus níor chóir go mbeadh ról aige ó thaobh dáileadh breithiúna i gcásanna áirithe, nó ó thaobh stiúradh imeachtaí cúirte. Baineann an chéad dá cheist seo leis an gCúirt, agus leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí mar legitimus contradictor más rud é go mbaineann an cás le hionchúiseamh coiriúil. Baineann soláthar na gcineálacha seirbhíse cúirte do na dlíthithe leis an tSeirbhís Chúirteanna. Ní cinneadh é seo i gcoinne ceachtar den dá pháirtí sin sna himeachtaí, nó sna hábhair a bhaineann leo, ach chun thaispeáint nach bhfuil freagracht dhlíthiúil ag an Aire as na hábhair seo.” 7. Chuir mé roinnt béime i mo bhreithiúnas eile ar an bpointe gur thóg an t-iarratasóir a chás i gcoinne an Aire in ionad Éireann agus an Ard-Aighne, agus dúirt mé go mb’fhéidir go mbeadh smaointe difriúla agam nó cinneadh difriúil maidir leis na páirtithe sin. Mar sin féin, táim sásta, ar na cúiseanna thuas agus ar na cúiseanna atá leagtha amach i mo bhreithiúnas eile, nach ceart Éire agus an t-Ard Aighne a bheith páirteach sna himeachtaí mar atá siad faoi láthair. 8. Tá an t-iarratasóir ag lorg cead chun faoisimh a lorg i ndáil le Treoir 2012/13AE. Tá na faoisimh sin bunaithe ar líon mór foras atá leagtha amach sa Dréacht-Ráiteas ar Fhoras a bhí iniata leis an bhFógra Foriarratais. Níl sé soiléir an iarratas nua ar chead é seo nó an iarratas é chun an cead a deonaíodh i dtús báire a leasú. Dar liom, is iarratas é chun an cead a deonaíodh i dtús báire a leasú. Is iad na faoisimh atá á lorg ag an iarratasóir ná: “1. Dearbhú go bhfuil stádas reachtúil ag Treoir 2012/13AE sa stát. 2. Dearbhú gur ceart Bunreachtúil agus nadúrtha an iarratasóra é an téacs oifigúil d’aon reachtaíocht a bheith aige in nGaeilge, treoracha an AE san áireamh. 3. Dearbhú nach féidir leis an iarratasóir a chás a stiúradh ina iomláine ins an teanga oifigiúil a roghnaigh sé (de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla) gan leagan oifigiúil den Treoir a bheith aige as Gaeilge. 4. Dearbhú gur ar an Stát, nó ar na AE, atá an dualgas chun leagan oifigiúil Gaeilge den Treoir a fhoilsiú. 5. Ordú go gcuirfear leagan oifigiúil de Threoir 2012/13 AE are fáil don iarratasóir i nGaeilge. 6. Aon ordú nó dearbhú eile gur cuí. 7. Go mbeadh ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE ainmnithe mar fhreagróir ins an iarratas seo, má glacann an chúirt gur ceart é sin a dhéanamh.” 3 9. Is féidir, dar liom, bunús an iarratais do na faoisimh sin a achoimriú mar seo a leanas: tá sé de cheart ag an iarratasóir a chásanna a reáchtáil trí mheán na Gaeilge; is cuid de dhlí na hÉireann í an Treoir; tá an t-iarratasóir ag iarraidh tagairt a dhéanamh don Treoir nó braith uirthi; agus níl leagan oifigiúil di ar fáil i nGaeilge; agus dá bhrí sin tá bac nó constaic ar cheart an iarratasóra a chásanna a reáchtáil trí Ghaeilge agus tá a chearta sáraithe. 10. Níl aon chonspóid ag baint le cuid de na pointí sin. 11. Gan amhras, tá sé de cheart ag an iarratasóir a chásanna a reáchtáil trí mheán na Gaeilge (Ó Beoláin v Fahy (An Chúirt Uachtarach, 4ú Aibreán 2001)). 12. Is fíor gur cuid de dhlí na hÉireann í an Treoir. 13. Is fíor freisin, más mian leis an iarratasóir tagairt a dhéanamh don Treoir, go mbeidh air úsáid a bhaint as an leagan Béarla nó leagan neamhoifigiúil Gaeilge mura bhfuil leagan oifigiúil Gaeilge ar fáil. 14. Níl mé sásta go bhfuil na pointí sin cinntitheach san iarratas atá romham, áfach. 15. Ar an gcéad dul síos, bhí moill fhada ar an iarratasóir leis na faoisimh seo a lorg. Tá sé seo tábhachtach sa chás seo mar bhí an t-iarratasóir ar an eolas faoin Treoir nuair a rinne sé a iarratas le haghaidh cead ar athbhreithniú breithiúnach sa chéad dul síos, ar an 29ú Deireadh Fómhair 2024. Go deimhin, rinne sé tagairt sainráite di agus bhraith sé uirthi ag alt (e)(28) dá Ráiteas ar Fhoras. In ainneoin sin, ní mhíníonn sé cén fáth nár chuir sé na faoisimh agus na forais atá á lorg aige anois san áireamh san iarratas sin. Glacaim leis nach dlíodóir é an t- iarratasóir agus go mba chóir dom aird a thabhairt air sin. Thug mé aird air agus ar na deacrachtaí a eascraíonn as sin don iarratasóir, agus leanfaidh mé ar aghaidh ag déanamh amhlaidh. Mar sin féin, ní féidir a rá nach raibh fhios ag an iarratasóir faoin Treoir toisc nach dlíodóir é mar rinne sé tagairt di agus bhraith sé uirthi ina Ráiteas ar Fhoras. Chomh maith leis sin, dar leis féin, tá roinnt taithí aige i ndlíthíocht a bhaineann le cearta teanga. 16. Is leor an mhoill seo inti féin chun an t-iarratas a dhiúltú. É sin ráite, áfach, tá cumhacht ag an gcúirt i gcónaí faoiseamh a dheonú in ainneoin moille ar thaobh iarratasóra. Dá bhrí sin rinne mé scrúdú ar chás an iarratasóra ionas go mbeinn in ann cinneadh a dhéanamh an chóir cead a thabhairt don iarratasóir in ainneoin na moille sin. 17. Is é croílár na bhfaoiseamh atá á lorg ag an iarratasóir ná go bhfuil sé de cheart aige leagan oifigiúil den Treoir a bheith aige agus tá sé ag lorg Ordú go gcuirfí leagan oifigiúil Gaeilge ar fáil dó. Níl aon bhonn leagtha amach ag an iarratasóir ar a bhféadfainn a bheith sásta go bhfuil cás inargóinte ann go bhfuil sé de dhualgas ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an tSeirbhís Chúirteanna (na freagróirí reatha) leagan oifigiúil Gaeilge den Treoir a chur ar fáil. I ndáiríre, ní hé sin an cás atá á dhéanamh ag an iarratasóir. An cás atá á dhéanamh aige ná go 4 bhfuil an Stát (nó an tAontas Eorpach) faoi dhualgas leagan oifigiúil Gaeilge a chur ar fáil. Nílim sásta go bhfuil cás inargóinte bunaithe ag an iarratasóir go bhfuil Éire nó an tArd-Aighne faoin dualgas sin. Cé gur cuid de dhlí na hÉireann í an Threoir, is ionstraim dlí Eorpach í, achtaithe ag an gCoimisiún Eorpach. Is é an Coimisiún an t-údarás reachtaíochta. Tá sé deacair a shamhlú cén chaoi a bhféadfadh aon údarás nó foras eile bheith faoi dhualgas leagan oifigiúil den reachtaíocht a réiteach agus a chur ar fáil, nó conas a bhféadfadh aon údarás eile an ceart sin a thógáil dó féin. Dá bhrí sin, ní foláir dom diultú cead a thabhairt chun na faoisimh ag ailt (d)(4) agus (5) a lorg. 18. Níl na faoisimh atá á lorg ag an iarratasóir teoranta d'Ordú go gcuirfear leagan oifigiúil Gaeilge ar fáil.. Dá bhrí sin, ní réitíonn an t-alt díreach roimhe seo an t-iarratas ina hiomláine. Tá mé sásta, áfach, nach bhfuil gá na faoisimh eile a chur san áireamh chun go mbeadh an t- iarratasóir in ann na hargóintí atá sé ag iarraidh a dhéanamh, agus atá mar bhunús ar na faoisimh sin, a chur os comhair na cúirte. Tá sé soiléir ó na faoisimh (1)-(3) go bhfuil an t- iarratasóir chun aighneacht a dhéanamh gur sárú ar a cheart a chásanna a reáchtáil trí Ghaeilge nach bhfuil leagan oifigiúil Gaeilge ar fáil agus dá bharr sin ní féidir lena thriail dul ar aghaidh. Measaimse féin go mbeadh an t-iarratasóir i dteideal na hargóintí sin a dhéanamh, nuair a léitear na forais ar a tugadh cead dóibh ar dtús go leathan. Ionas nach mbeadh aon doiléireacht ann faoi seo, tá mé chun leasú cuí a dhéanamh ar na forais. Cinnteoidh sé sin go mbeidh a fhios ag na freagróirí go cruinn cén cás atá le freagairt acu. 19. Ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil na faoisimh atá á lorg ag an iarratasóir ag ailt (1) agus (2) níos leithne ina dtéarmaí sainráite ná dúshlán ar na himeachtaí coiriúla amháin, ós rud é go bhfuil sé ag lorg dearbhuithe a mbeadh éifeacht ghinearálta acu. Mar sin féin, ní féidir leis an iarratasóir iarracht a dhéanamh chun cás úrnua a thabhairt chun tosaigh ag an staid seo. Baineann an cás ar a tugadh cead dó leis na himeachtaí coiriúla i gCúirt Dúiche Chorcaí agus ní mór an t-iarratas seo a chinneadh laistigh de theorainneacha an cháis sin ar a tugadh cead dó. 20. Ba chóir dom a rá ag an bpointe seo go bhfuil seans maith ann go mbeidh conspóid maidir le scóip cirt an iarratasóra a chás a reáchtáil trí Ghaeilge agus an chiallaíonn a cheart sin go bhfuil ceart iomlán aige gach ábhar nó cáipéis a bheith aige i nGaeilge (féach Ó Murchú v An Taoiseach & chuid eile (An Chúirt Uachtarach, 6ú Bealtaine 2010)). Ar ndóigh tá sé soiléir go bhfuil sé de cheart aige reachtaíocht intíre ábhartha a bheith ar fáil dó. Is ceist níos casta í an síneann an ceart sin chuig ábhair eile cosúil le, mar shampla, breithiúnais a scríobhadh as Béarla, nó reachtaíocht Eorpach a glacadh sular tugadh aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais nó sular tháinig an dualgas reachtaíocht Eorpach a chur ar fáil i nGaeilge i bhfeidhm. Mar a dúirt mé, is cosúil go mbeidh díospóireacht faoi na ceisteanna seo agus tá mé sásta ag an bpointe seo go bhfuil cás inargóinte ann maidir leo. 5 21. Mar atá ráite agam thuas, tá mé chun cead a thabhairt leasú a dhéanamh ar na forais chun soiléireacht a chinntiú gur páirt de chás an iarratasóra é go sáraíonn an easpa leagan oifigiúil Gaeilge den Treoir a chearta teanga agus a cheart triail a bheith aige mar is cuí de réir dlí (Airteagal 38.1 de Bhunreacht na hÉireann). Nílim sásta go bhfuil gá Éire agus an tArd Aighne a bheith ina bpáirtithe fiú má leasaítear na forais. Beidh ar an iarratasóir cruthú go bhfuil a chearta (cearta teanga agus cearta faoi Airteagal 38 den Bhunreacht) sáraithe mar gheall ar easpa leagan oifigiúil Gaeilge den Treoir bheith ar fáil, ach is ábhar é sin le plé ag an éisteacht shubstainteach. Is é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an legitimus contradictor maidir leis an gceist an bhfuil trial an iarratasóra mar is cuí de réir dlí agus i gcomhréir le cearta an chosantóra/an iarratasóra. Níl aon ról ag Éire ná ag an Ard Aighne sna himeachtaí coiriúla. Tá an Stiúrthóir ina pháirtí cheana féin san athbhreithniú breithiúnach seo agus, dá bhrí sin, níl gá go mbeadh Éire agus an tArd-Aighne ina bpáirtithe. Má éiríonn leis an iarratasóir a chruthú go bhfuil a chearta sáraithe nó go bhfuil na himeachtaí coiriúla ag sárú a chearta, agus go mba chóir faoisimh a dheonú (mar is dhá cheist iad sin), is féidir na faoisimh atá á lorg sa Ráiteas ar Fhoras a dheonú fiú mura bhfuil an Stát ina pháirtí. 22. Dá réir sin, diúltóidh mé cead chun na himeachtaí a leasú chun na faoisimh ag ailt (1)- (7) den Fhógra Foriarratais a lorg. Tabharfaidh mé cead chun an Ráiteas ar Fhoras a leasú chun an méid seo a leanas a chur isteach ann díreach i ndiaidh alt (e)(24), .i. alt nua (e)(24)(A), de Ráiteas ar Fhoras an iarratasóra ar a tugadh cead sa chéad dul síos: “Dearbhú go bhfuil cearta teanga an iarratasóra faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus faoi Bhunreacht na hÉireann, agus a chearta faoi Airteagal 38.1 de Bhunreacht na hÉireann, sáruithe mar nach bhfuil leagan Gaeilge oifigiúil de Threoir 2012/13AE ar fáil dó.” 23. Ar an 24ú Feabhra 2026, chuir mé mo chinneadh in iúl do na páirtithe agus dúirt mé go gcuirfinn mo bhreithiúnas scríofa le mo chinneadh a mhíniú ar fáil chomh luath agus is féidir. 24. Tar éis dom mo chinneadh a thabhairt go dtabharfainn cead chun na forais a leasú mar atá leagtha amach agam ag alt 22 thuas, rinne an t-iarratasóir aighneachtaí gairide. D’áitigh sé gurb é cuid dá chás maidir leis na faoisimh atá á lorg aige sa Fhógra Foriarratais ná nach féidir leis an athbhreithniú breithiúnach seo a reáchtáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge gan leagan oifigiúil Gaeilge den Treoir a bheith aige, toisc go mbeidh air tagairt a dhéanamh don Treoir sna himeachtaí seo chun a léiriú go bhfuil an Treoir ábhartha ina chásanna coiriúla, agus nach bhfuil a chearta faoin Treoir urramaithe sna cásanna coiriúla sin. Níor leagadh aon bhéim ar an argóint sin ag an éisteacht. Mar sin féin, agus le bheith cothrom don iarratasóir, caithfear a rá gur ndearnadh tagairt don phointe sin sna páipéir foriarratais. Bhí Dréacht-Ráiteas ar Fhoras iniata leis an bhFógra Foriarratais. Bhí an Dréacht-Ráiteas seo dírithe go sonrach ar an gcás maidir leis an Treoir. Ag alt (e)(21) den doiciméad sin, deir sé: “Mura gcuirfear leagan oifigiúil den Treoir Eorpach ar fáil dó in nGaeilge, beidh ar an iarratasóir iompú ar an mBéarla 6 chun a chás a mheas, agus a chur os comhair na cúirte onoraí seo, rud a sháródh a chearta.” Ag alt (e)(28), deir sé: “Tá an-iarratasóir ag lorg leagan oifigúil Gaeilge den Treoir le fada, mar creideann sé go bhfuil sé riachtanach, agus teastaíonn uaidh tagairt a dhéanamh dó ina argóintí os comhair na cúirte onóraí seo.” Is cosúil dom, dá bhrí sin, go mba chóir dom déileáil leis an bpointe seo agus cinneadh a dhéanamh ar an gceist an chóir leasuithe breise a cheadú ar na faoisimh nó na forais atá sa Ráiteas ar Fhoras. 25. Tá mé sásta nach bhfuil gá leis na leasuithe sin. Mar a dúirt mé, tá mé ag tabhairt cead an leasú ag alt 22 thuas a dhéanamh ar na forais. Ligean an leasú sin don iarratasóir an argóint a dhéanamh freisin go bhfuil sárú ar a chearta sna cásanna coiriúla de dheasca nach bhfuil leagan oifigiúil Gaeilge den Treoir ar fáil chun tagairt a dhéanamh di san athbhreithniú bhreithiúnach seo. Is cuid de mheicníocht na ráthaíochta ar thriail cuí de réir dlí é rochtain ar an gcúirt seo trí athbhreithniú breithiúnach, nuair is gá agus nuair is cuí. Más rud é nach féidir leis an iarratasóir a cheart rochtana ar an gcúirt seo a fheidhmiú de réir a chuid cearta eile, is bonn é sin leis an argóint nach bhfuil a chearta maidir leis na cásanna coiriúla á urramú. Measaim go gceadaíonn an foras nua atá leagtha amach thuas cead don iarratasóir an argóint seo a dhéanamh. 26. Tá deacracht ann, dár ndóigh. Chun an argóint sin a dhéanamh, beidh ar an iarratasóir tagairt a dhéanamh don Treoir chun a léiriú go bhfuil an Treoir ábhartha sna cásanna coiriúla agus go bhfuil cearta ábhartha aige faoin Treoir. Mura bhfuil sí ábhartha, ní féidir easpa leagan oifigiúil Gaeilge di a bheith ina sárú ar a chearta. Ach, gan leagan Gaeilge a bheith ar fáil, beidh ar an iarratasóir tagairt a dhéanamh don leagan Béarla – is é sin go díreach an sárú a bhfuil an t-iarratasóir ag déanamh gearáin ina leith. Mar sin féin, ní féidir é seo a sheachaint. Dá gcinnfinn ag an bpointe seo go sáraíonn easpa leagan oifigiúil Gaeilge a chearta, bheadh mé ag déanamh cinneadh ar cheist lárnach sna himeachtaí. 27. Mar sin, is cosúil go bhfuil orainn leanúint ar aghaidh ar bhonn an leagain Bhéarla den Treoir (nó leagan neamhoifigiúil Gaeilge – tá leagan den sórt sin ar fáil). Más rud é go n-éiríonn leis an iarratasóir a chruthú go bhfuil an Treoir ábhartha agus go bhfuil sé i dteideal leagan oifigiúil Gaeilge di (féach alt 20 thuas luaite), is cosúil dom go leanfaidh sé uaidh sin go bhfuil argóint gur tharla sárú ar a chearta mar gheall go raibh iallach air tagairt a dhéanamh don leagan Béarla san athbhreithniú breithiúnach seo. 28. Ba cheart dom a rá nach bhfuil sé soiléir go fóill an mbeidh aon ghá argóint bheith ann maidir leis an Treoir. Tá sé seo amhlaidh toisc nach bhfuil pléadálacha curtha isteach ag na freagróirí go fóill agus nach bhfuil dearcadh na bhfreagróirí leagtha amach. Faoi láthair, is é an t-aon éileamh sainráite a dhéanann an t-iarratasóir ag brath ar an Treoir ná go dtugann sí an ceart dó rochtain a fháil ar a chomhad cúirte. Má ghlacann na freagróirí, mar shampla, go bhfuil an Treoir ábhartha, nó, níos cruinne fós, go dtugann sí na cearta don iarratasóir atá á mhaíomh 7 aige, is cosúil nach mbeadh gá tagairt ar bith a dhéanamh dá cuid ábhar. Mar sin féin, san áit ina bhfuilimid anois, ní mór dom dul ar an mbonn go mbeidh gá le hargóint. 8